An chéad náisiúnach-phoblachtach mar Phríomh-Aire i gCnoc an Anfa: údar dóchais nó a mhalairt?
By Jamie Mac Daibhéid
Ar an tríú lá de mhí Feabhra 2024, ghlac Michelle O’Neill mionn an Phríomh-Aire, an chéad náisiúnach-phoblachtach mar Phríomh-Aire tofa riamh i dTuaisceart Éireann, breis agus céad bliain i ndiaidh chríochdheighilt na tíre. Cuireadh fáilte roimh a toghadh don ról ar fud na tíre, mar léaró dóchais do náisiúnaithe na tíre, a bheidh ag súil go mbeidh sí in ann an rialtas a choinneáil ag feidhmiú, agus a bheith ag oibriú i dtreo Éire aontaithe fosta. Ba shearbh an deoch le hól é an nuacht seo do dílseoirí agus aontachtaithe na tíre afách, a mheasann nach bhfuil innti ach constaic ar phróiseas na síochána. Ar ndóigh, tá dualgas ag an t-Aire O’Neill an dhá thrá a fhreastal, agus í ag dul i ngleic leis na fadhbanna iomadúla atá romhainn na laethanta seo – ach, an bhfuil sí in ann é seo a dhéanamh?
Ar an chéad dul síos, ní mór a aithint go bhfuil eacht ollmhór deanta ag Michelle O’Neill agus í ina chéad Phríomh-Aire náisiúnach, rud éigin atá cuma dódhéanta air nuair a scrúdaítear bunú Thuaisceart Éireann. Nuair a cruthaíodh an stát críochdheighilte, rinneadh é ar bhealach a choinneodh cos ar bholg na náisiúnaithe ó thaobh chleachtadh an daonlathais de. Cruthaíodh toghbharda móra sna áiteanna is náisiúnaithe sa tír, agus toghbharda beaga sna ceantair is dílse. Bhí na struchtúir chuí curtha i bhfeidhm ag an rialtas, agus bhí níos mó luach ag baint le vóta amháin ó dhílseoir ná ó bheirt náisiúnaí. Tugtar ‘claonnroinnt’ ar seo, rud a tagann salach go hiomlán le nós an chórais dhaonlathaigh. Mar sin tá sé seo ar cheann de na cúiseanna is mó gur féidir an toghchán seo a mheas mar údar dóchais – chun na teorainneacha ar daonlathas a shárú, tríd an daonlathas.
Mar atá ráite cheana, tá togadh Michelle O’Neill ina cor cinniúna i stair Thuaisceart Éireann, ach ní amháin sin, tá brí siombalaach ag baint leis an toghchán agus ba cheart go gcuirfeadh sé sin dóchas ar dhaoine. Cuireann sí ionadaíocht ar fáil don phobal náisiúnach Tuaisceart Éireann, nach raibh mórán ionadaíochta acu i bpoist cheannaireachta go stairiúil. Ar bharr seo, is í an dara bean agus an chéad bhall de Shinn Féin atá sa phost seo. Cinnte, tá sé seo ina siombail ar an dul chun cinn i dtreo comhionannais inscne sa pholaitíocht sa Thuaisceart. Is féidir é seo a fheiceáil mar sholas an dóchais san áit dorcha a mheasadh le bheith ar an áit is contúirtí san Eoraip do mhná.
Tá sé ríthábhachtach a bheith feasach ar na fíricí, áfach, agus gan ligint don dóchas muid a chur ar seachrán. Tá go leor oibre ag fanacht ar an Phríomh-Aire O’Neill agus an Leas- Phríomh-Aire Little-Pengelly. Tá na daoine breoite bréan leis an pholaitíocht ‘glas agus oráiste’, agus tá siad ag iarraidh fíor-réitigh ar na réaltachtaí crua atá rompu ó tharla chliseadh an rialtais is déanaí. Caithfidh siad dul i ngleic le géarchéim chostas maireachtála, agus liostaí feithimh do chúram sláinte dhá uair níos faide i gcomparáid leis na liostaí ó dheas. Agus an rialtas ag obair arís, beidh daoine ag súil le fíor-athrú. Tá pobal Thuaisceart Éireann i bhfad ró-chleachtaithe le laige an rialtais anois, leis na clistí i 2002, 2017, agus 2022 san áireamh. Tá rátá sástachta an Phríomh-Aire dearfach ar éigean, farasbarr beag 6%, agus beidh sí ag súil chun é seo a fheabhsú, agus go mbeidh dóchais na ndaoine tuillte aici.
Mar fhocal scoir, is cinnte gur údar dóchais é Michelle O’Neill a bheith mar Phríomh-Aire Thuaisceart Éireann. Ní hamháin an dóchas a dtagann le rialtas feidhmiúil a fheiceáil arís, ach fosta, chun srianta an stáit claonroinnte a shárú agus a bheith mar cheannasaí ar an thromlach náisiúnach. Is maith an rud é sin do dhaoine áirithe, ach ní mór di a chinntiú go n-oibreoidh sí i dtreo tíre atá in ann dul i ngleic go héifeachtach le fadhbanna an lae agus tír a chruthú a chuireann fáilte roimh chách, beag beann ar bhrú agus tuairimí náisiúnaíocha nó aontachtaíocha.
Jamie Mac Daibhéid is a final year student studying Irish, and also the current President of the Cumann Gaelach.