Féile an Phobail: Solas Geal i dTréimhse Dhorcha
Le Johnny Mac Cana
Gach bliain, feictear an t-atmaisféar ag athrú in Iarthar Bhéal Feirste. Mar a bheadh draíocht ann, bíonn na sráideanna lán le solas na gréine, dubh le daoine, agus clúdaithe le gach dath faoin spéir. Éiríonn Páirc na bhFál buille an chroí den phobal agus, faoi sholas na gealaí, éisteann muintir na háite, agus níos faide amach, le réaltaí áitiúla i gceolchoirmeacha a bhíonn na mílte ag triall orthu. Níl na ceolchoirmeacha seo ach gné amháin d’Fhéile an Phobail; bíonn cainteanna polaitiúla, rásaí, agus laethanta scannán ann, i measc rudaí eile. Is fíor a rá go léiríonn clár na Féile na tuairimí agus na suimeanna éagsúla atá againn anseo i mBéal Feirste, agus in Éirinn i gcomhthéacs níos leithne, ach rugadh an ócáid bhliantúil i dtréimhse dhorcha i stair na hÉireann, agus déarfadh go leor daoine gur mhíorúilt é gur éirigh leis na heagraithe an t-imeacht seo a thógáil.
Sa bhliain 1988, bhí muintir Bhéal Feirste in ísle brí, go háirithe san Iarthar. Rinneadh díspeagadh ar chuid den phobal sna meáin idirnáisiúnta, agus d’fhás an dearcadh seo ar ráta níos airde ina dhiaidh a scaoil an SAS Seán Sabhaois, Domhnall Mac Cana, agus Máiréad Ní Fhearghail marbh i nGiobráltar ar an 6ú lá de mhí an Mhárta 1988. Creideadh go raibh rún ag na baill den IRA Sealadach chun ionsaí carrbhuama a dhéanamh ar shaighdiúirí na Breataine i nGiobráltar. Bhí na básanna i mbéal an phobail idirnáisiúnta, agus tá daoine fós ag plé na moráltachta den imeacht seo inniu, ach tharraing na básanna díreach ina dhiaidh sin níos mó conspóide.
Is fíor go bhfuil fhios ag madadh na sráide scéal Reilig Bhaile an Mhuillin nuair a chaith dílseoir, Michael Stone, roinnt gránáidí le lucht na sochraide a bhí ag freastal ar sochraid na n-óglach a fuair bás i nGiobráltar; mharaigh sé triúr, agus ghortaigh sé níos mó ná seasca duine. Bhí impleachtaí an ionsaithe seo le brath ar fud na tíre, agus chonaic Iarthar Bhéal Feirste níos mó bás ag sochraid Caoimhín Mac Bradaigh, ball den IRA a fuair bás ag sochraid na n-óglach. Thiomáin saighdiúirí i ngnáthéadaí isteach an tsochraid; shíl lucht na sochraide go raibh siad faoi ionsaí arís agus thug a lán daoine ruathar faoi na saighdiúirí. Chualathas piléir ón charr, agus tarraingíodh amach as an charr iad. Tar éis an imeachta, dúirt na meáin idirnáisiúnta gur “mob” é lucht na sochraide. Tugadh léasadh dóibh ag carrchlós Páirc Mhic Asmaint, agus scaoil an IRA marbh iad.
Ba ré dhorcha i stair na hÉireann é nuair a thosaíodh Féile an Phobail. Ar an stáitse idirnáisiúnta, agus de réir gach tuairisce gurbh ifreann é Iarthar Bhéal Feirste; dúradh gur phobal sceimhlitheoireachta iad, agus nach raibh riail nó reacht ann. Ní raibh aon dul as ach go mbeadh ar ceannairí rudaí a athrú, agus go gasta toisc gur léir go raibh spiorad an phobail níos measa ná mar a bhí riamh. Cuireadh cúpla smaoineamh i láthair, go háirithe idir daoine mar Ghearóid Mac Ádaimh, Danny Morrison, agus Deirdre McManus, faoi fhéile nua; clár imeachtaí atá dírithe ar an chultúr in Iarthar Bhéal Feirste agus a chuirfeadh fíorspiorad an phobail in iúl trí na healaíona. Is fiú a lua nár smaoineamh nua é seo, thosaíodh Fhéile Uachtar Chluanaí i 1973 don phobal i mBaile Uí Mhurchú, i gCnoc na Foinse, i gCnoc Diarmada, i Maigh Ard, agus ar Bhóthar na Carraige Báine i measc áiteanna eile, ach bheadh an Fhéile nua níos mó agus níos uaillmhianaí.
Agus mar sin de, d’fhás Féile an Phobail as comhthéacs na coimhlinte, agus anois, tá sí ar cheann de na Féilte is mó san Eoraip toisc gur tharraing na ceannairí cáil uirthi as na cláir iontacha a chuireann siad le chéile ach’an bliain. San am atá caite, chuir eagraithe na Féile fáilte roimh chuid de na ceoltóirí is mó go Páirc na bhFál, mar shampla Boyzone, Westlife, The Human League, Olly Murs, The Pogues, UB40 agus go leor grúpaí eile, agus is léir nach ndearna na heagraithe dearmad ar na bunchúiseanna a thosaíodh Féile; spás a chruthú chun cultúr na hÉireann a chur in iúl, agus is é sin an chúis go bhfuil Féile fós chomh mór mar a bhí sé san am atá caite. Glacann clubanna CLG áitiúla, cumainn óige, carthanachtaí áitiúla, agus eagraíochtaí pobalbhunaithe i bParáid na Féile gach bliain; is iad muintir na háite croí na Féile.
Is fiú a lua go bhfuil cainteanna polaitiúla agus imeachtaí trasphobail i measc na himeachtaí is tábhachtaí sa chlár gach bliain. Ó thaobh na polaitíochta de, thug daoine mar Bernadette Devlin McAliskey, Noam Chomskey, Jeremy Corbyn, agus Mary McAleese cainteanna do mhuintir Bhéal Feirste i hallaí a bhí pacáilte, agus gach bliain, bíonn go leor imeachtaí i gceantair mar Bhóthar na Seanchille nuair a bhíonn ionadaithe ó gach pobal ag plé ár stair chonspóideach agus ár dtodhchaí choiteann.
An bhliain seo, beidh meascán ann idir imeachtaí traidisiúnta agus imeachtaí nua, mar shampla, is féidir linn a bheith ag súil le hOíche na n-Ochtóidí, Oíche an Damhsa, ceolchoirm ar éirigh léi stad a chur ar na tinte cnámh ar an 8ú lá de mhí Lúnasa in aghaidh an imtheorannaithe, agus ar ndóigh Oíche Wolfe Tones; Oíche a tharraingíonn conspóid ach’an bliain mar gheall ar a gcuid liricí faoin IRA, ach an bhliain seo, tá na Wolfe Tones ina bpríomhaíonna ar feadh dhá oíche in ainneoin na conspóide. Scríobh go leor daoine faoin chonspóid seo agus an ról atá ag na Wolfe Tones agus comóradh IRA i rith na féile agus beidh ar na heagraithe aghaidh a thabhairt ar an cheist seo luath nó mall. I measc na n-imeachtaí nua, bhí ceolchoirm charthanachta ann chun airgead a bhailiú do mhuintir na Palaistíne atá ag streachailt in aghaidh an chinedhíothaithe, agus bhí ceolchoirm ceoil tíre ann fosta le ceoltóirí mar Nathan Carter agus The Whistlin’ Donkeys. Ó thaobh na polaitíochta de, bhí Jeremy Corbyn ar ais ag tabhairt caint dúinn faoina leabhar filíochta nua dar teideal “Poetry for the Many” leis agus le Len McCluskey, agus bhí Linda Ervine agus a fear céile, Brian Ervine, ag labhairt faoina dtaithí ag fás aníos in Oirthear Bhéal Feirste.
Is mór an trua é nach bhfuil an spás agam chun gach imeacht a chur chun cinn anseo, ach ag an am céanna, léiríonn sé seo éacht na n-eagraithe. D’fhás Féile an Phobail as tréimhse dhorcha inár stair, agus anois, beidh níos mó ná 400 imeacht ar siúl i mbliana. Mar fhocal scoir, tá amhras orm go raibh a fhios ag na bunaitheoirí go mbeadh an Fhéile fós ag tarlú agus ag fás inniu, ach níl aon dabht agam go mbeidh sí anseo ar feadh na mblianta atá le teacht.
Is mac léinn darna bhliain é Johnny Mac Cana a dhéanann staidéar ar an nGaeilge agus ar an Stair. Curtha in eagar ag Josh Mac Oitir.