Páirc Mhic Asmaint: Ré Nua, Fadhbanna Céanna?

Le Jamie Mac Daibhéid 

Nuair a dúnadh doirse Pháirc Mhic Asmaint don uair dheireanach i 2013, is cinnte gur cúis bhróin é i measc an phobail spóirt ar fud na tíre. Tá an stair agus an traidisiúin sa dúchas ag an staid: bhí sé mar láthair do hocht gCluiche Ceannais Peile Uladh. Tá an stair bainte lena comhainmneach fosta, Ruairí Mac Easmainn, réabhlóidí Éireannach a cuireadh chun báis i 1916, mar gheall ar a ról in Éirí Amach na Cásca. I mí Iúil 2021, deimhníodh cead pleanála chun Páirc Mhic Easmainn a athfhorbairt, próiseas a mhair trí bliana go dtí seo, agus a chosnóidh, de réir tuairiscí éagsúla, os cionn 300 milliún punt. Le Páirc Mhic Easmainn roghnaithe mar an t-aon staidiam le hionadaíocht a dhéanamh ar Thuaisceart na hÉireann ina n-iarratas do Chraobh Pheile na hEorpa in 2028, tá obair in aghaidh an chloig i gceist, ní amháin sin, ach ceist pholaitiúil fosta, cosúil le gach saincheist i dTuaisceart na hÉireann. San alt seo, ba mhaith liom cás na staideanna iontacha seo a phléadáil. 

Íomhá d’athfhorbairt Páirc Mhic Asmaint. Pictiúr le BBC Sport.

Ar ndóigh, is é an maoiniú an cheist is práinní leis an staid. Tá na hiarrachtaí trasphobail atá déanta go dtí seo chun an t-airgead a chruinniú le moladh, le Cnoc an Anfa, Rialtas na hÉireann, agus an Cumann Lúthchleas Gael ag geallúint airgid - cé go bhfuil an bonn bainte den mhéid sin ag páirtithe áirithe, go háirithe an DUP. Chaoin siad caitheamh míchothrom go maidir leis an bhealach ina bhfuil Rialtas na hÉireann ag iarraidh cuidiú le maoiniú na staide – Mhaígh Jeffrey Donaldson go mbaineann an eacht seo ón gcomhionannas ó thaobh an airgid de atá curtha ar leataobh do Pháirc Windsor agus Staid Chnoc an Fhéich (tar éis dul i dteagmháil le Donaldson le haghaidh tuilleadh tráchta, ní raibh aon fhreagra). Cé gur tháinig méadú nádúrtha ar chostais le boilsciú, tá an oiread sin buntáistí le baint againn as forbairt na staide seo: de réir staitisticí Deloitte, cuirfear borradh 2.6 billiún punt le geilleagar na Ríochta Aontaithe mar gheall ar an chomórtas - fiú má cháitear cúpla céad milliún punt ar an staid;  tiocfaidh an t-airgead sin ar ais faoi deich ar a laghad. In ainneoin an chostais sin, cuirfidh an fhorbairt seo borradh mór faoi leasanna cultúrtha na háite - tá sé suite i gcroílár pobail cheana féin, cé go bhfuil siad tar éis éirí as a chéile le radharc na staide achrannaí.  

Ní haon ionadh é go bhfuil polaitíocht déanta ag an DUP ar cheist Pháirc Mhic Easmainn - chuir duine dá mbaill síos ar an CLG uair amháin mar ‘eite spóirt an IRA’. Caithfidh muid mar phobal atá spéis acu borradh a chur faoinár ngeilleagar, borradh a chur faoin earnáil spóirt, agus ar an iomlán, eispéireas nach dtarlóidh ach uair amháin sa saol a cur ar fáil, a bheith fasach dóibh siúd a bhfuil ag iarraidh an ghluaiseacht den scoth seo a chur faoi bhagairt, daoine atá fós sáite i dtuairimí a thagann ón am a bhí ann, am fada imithe agus fada gan iarraidh. Is ceist teoiriciúil í maoiniú Pháirc Mhic Easmainn i mo thuairim, agus sa deireadh, tiocfaidh rialtas na Ríochta Aontaithe isteach chun an staidiam seo a mhaoiniú, chun náiriú ollmhór idirnáisiúnta a sheachaint. Tá an tairiscint déanta anois, leis na staideanna roghnaithe greanta i gcloch anois, tá sé in am dóibh siúd i gceannas ar an phróiseas chun a mbeart a dhéanamh de réir a mbriathar.  


Is mac léinn bliana na céime é Jamie a dhéanann staidéar ar an nGaeilge. Is uachtarán an Chumainn Gaelach é Jamie i mbliana. Curtha in eagar ag Josh Mac Oitir.

CommentThe Scoop