Scoil na Seolta faoi lán seoil

Le Josh Mac Oitir

Tá gaeloideachas seanbhunaithe i dTuaisceart na hÉireann, bunaíodh an chéad ghaelscoil, Bunscoil Phobal Feirste ar Bhóthar Seoighe in iarthar na cathrach i 1971 agus d’fhás an earnáil go láidir ó shin. Sa lá atá inniu ann feictear gaelscoileanna i ngach contae sa Tuaisceart, ach beidh ócáid speisialta ann i mí Mheán Fhómhair 2024 agus Scoil na Seolta ag oscailt na doirse in oirthear Bhéal Feirste don chéad uair. Tá breis agus 188 bunscoil lán-Ghaeilge ar an oileán ach beidh Scoil na Seolta ina céad gaelscoil imeasctha sa Tuaisceart. Is mana na scoile ná ‘páistí sona ag foghlaim le chéile’ agus beidh an scoil nua seo ag freastal ar dhaltaí óga as an dhá thraidisiúin i mBéal Feirste, Caitliceach agus Protastúnach araon le chéile, ag léiriú gur teanga do chách í an Ghaeilge. Beidh Scoil na Seolta suite sa Caisleán Riabhach, ceantar atá fós tréanaontachtach in oirdheisceart na cathrach. Osclófar an scoil le rang a haon amháin agus ní thabharfar aitheantas uirthi go dtí go mbeidh tuilleadh daltaí acu.

 

Is tionscadal ceannródaíoch é an scoil seo a thagann as tionscadal ceannródaíoch eile darbh ainm Turas. Bunaíodh Turas i 2012 mar aonad foghlamtha mar pháirt den East Belfast Mission ag iarraidh an Ghaeilge a múineadh do ghlanfhoghlaimeoirí in oirthear Bhéal Feirste. Ó shin, d’fhoghlaim na céadta duine an Ghaeilge don chéad uair riamh, ba é Turas ar thosnaíodar ar an aistear foghlamtha sin. Tá rothar na síochána mallbhoghta ach is céim chun cinn do Thuaisceart na hÉireann agus don phróiseas síochána go mbeidh páistí óga Protastúnacha in ann oideachas a fháil trí Ghaeilge, léiríonn an úrscoil seo nach teanga pholaitiúil í an Ghaeilge cé go mian le daoine áirithe í a chasadh ina ceist pholaitiúil. Tá athrú ó bhonn tagtha ar shochaí an Tuaiscirt, feictear go mbíonn daoine níos oscailte agus níos fáiltí roimh an nGaeilge ná a bhí riamh. De réir na bhfigiúirí daonáirimh 2021, tá 12.45 faoin gcéad den daonra in ann an Ghaeilge a thuiscint nó a labhairt. Tá líon na gcainteoirí Gaelainne ag dul i líonmhaireacht bliain i ndiaidh bliana agus méadú 1.8 faoin gcéad tagtha orthu ó dhaonáireamh 2011.

 

Maoineoidh Tionscnamh an Oileáin Chomhrinnte an scoil. Is aidhm an tionscnaimh sin ná todhchaí chomhrinnte a thógáil ar an oileán tríd obair chomhpáirtíochta uile-oileáin. Tá Rialtas na hÉireann ina phríomhmhaoinitheoir den scéim sin le breis is €1Billiún curtha isteach sa chiste acu ó bhunú na scéime. Tá an tionscnamh sin ag infheistiú i dtionscadail ar fud an Tuaiscirt, athfhorbairt Pháirc Mhic Asmaint agus athfhorbairt Bhóthair A5 san áireamh.


Is mac léinn dara bhliain é Josh Mac Oitir, déanann sé staidéar ar an nGaeilge agus ar an bPolaitíocht. Is eagarthóir na Gaeilge é Josh i mbliana.

NewsThe Scoop